Eile
An t-imreoir sacair David Beckham ag dul ar scor
D’fhógair an t-imreoir cáiliúil sacair, David Beckham, tráthnóna inniu go bhfuil sé le héirí as an sacair agus dul ar scor.
Deirtear gur dhiúltaigh Beckham (38) conradh eile a shíniú lena chlub, PSG (Paris Saint Germain) agus bliain eile a chaitheamh ag imirt. D’éirigh go maith leis an gclub seo le gairid agus iad tar éis an craobh Francach a bhuachan ansin an tseachtain seo caite.
Tá 19 mbliana ar fad caite ag Beckham ag imirt sacair go proifisiúnta, le 115 caipín idirnáisiúnta agus 19 bonn. D’imir sé le clubanna éagsúla – Manchester United ina measc. LINK_ADD_COMMENT
Tuilleadh...
Conradh nua bliana sínithe ag Brian O'Driscoll
Tá sé tugtha le fios go bhfuil an réalta rugbaí Éireannach, Brian O’Driscoll, tar éis conradh nua a shíniú le Cumann Rugbaí na hÉireann (IRFU).
Is conradh bliana a deirtear atá i gceist agus ciallóidh sé seo go mbeidh sé ag imirt d’Éirinn agus do Laighin go dtí mí an Mheithimh 2014.
Bhí ráflaí láidre ag dul thart le gairid, go raibh rún ag O’Driscoll éirí as an rugbaí i mbliana ach tá cinneadh déanta anois aige fanacht bliain eile ar aon nós.
Chuir bainisteoir nua fhoireann rugbaí na hÉireann, Joe Schmidt, fáilte mhór roimh an scéala. LINK_ADD_COMMENT
Tuilleadh...
David Moyes deimhnithe mar bhainisteoir nua ar Manchester United
Tá sé deimhnithe anois ag an bhfoireann sacair, Manchester United, gurb é David Moyes, a bheas mar bhainisteoir nua orthu.
Seo tar éis do Sir Alex Ferguson fógra a thabhairt ar maidin inné go raibh sé le héirí as a ról mar bhainisteoir ar an bhfoireann ag deireadh an tséasúir seo agus é ag dul ar scor.
Tá 27 bliain ar fad caite ag Ferguson (71) mar bhainisteoir ar an bhfoireann clúiteach seo.
Tuairiscítear gur mhol Ferguson Moyes don ról. Deirtear go bhfuil conradh sé bliana sínithe ag Moyes anois le Manchester United agus go gcuirfidh sé tús go hoifigiúil lena ról ar
Tuilleadh...
Ferguson le héirí as a ról mar bhainisteoir ar Manchester United
Tá sé fógartha ar maidin inniu go bhfuil Sir Alex Ferguson le héirí as a ról mar bhainisteoir ar fhoireann sacair Manchester United ag deireadh an tséasúir seo agus é ag dul ar scor.
Tá 27 bliain ar fad caite ag Ferguson (71) mar bhainisteoir ar an bhfoireann clúiteach seo. Tá 49 trófaí ar fad buaite ag an bhfoireann ó ghlac sé ceannas orthu sa bhliain 1986.
Níl Manchester United ach díreach tar éis an Phríomhshraith a bhuachan i mbliana – seo an 13ú babhta do Ferguson an trófaí a bhuachan.
Imreoidh an fhoireann a gcluiche deireanach den séasúr seo ar an 19
Tuilleadh...
Toirmeasc curtha ar Luis Suarez do 10 gcluiche
Tá toirmeasc curtha ar an imreoir sacair, Luis Suarez, do 10 gcluiche ar fad as plaic a bhaint as imreoir eile.
D’fhógair Cumann Sacair Shasana (FA) an scéala seo níos túisce inniu.
Chuir coimisiún neamhspleách rialála an toirmeasc seo air mar gheall go raibh cúis d’fhoréigean ina choinne. Bhain imreoir Liverpool, Suarez, plaic as imreoir Chelsea, Branislav Ivanovic, le linn a gcluiche ar an Domhnach seo caite.
Creideadh ar dtús go mbeadh sé ar fionraí ar feadh trí chluiche, mar is gnách go hiondúil do chás mar seo, ach rinneadh cinneadh inniu gur chóir é seo a mhéadú go 10 gcluiche.
Deirtear go bhfuil
Tuilleadh...
Leathanach 1 as 24


Eile








