Cúrsaí Rugbaí
Stade de Fiasco
‘Coinnigí bhur dticéad,’ a dúirt Christine Connolly, urlabhraí an RBS Sé Náisiún, leis an slua i ndiaidh gur fógraíodh nach n-imreofaí an cluiche Frainc v Éire Dé Sathairn seo caite. ‘Beidh siad bailí don chéad chluiche eile.’
Bhí díomá orm féin agus mé ag suí os comhair na teilifíse i mBaile Átha Cliath nuair a cuireadh an cluiche ar atráth. Samhlaigh cé chomh míshásta áfach is a bhí an slua, beagnach ochtó míle duine, a bhí tar éis an turas ó áiteanna i gcéin is i gcóngar a dhéanamh le bheith i láthair ag an gcluiche.
‘Is mór an náire é,’ arsa
Tuilleadh...
RaboDirect Pro12: An deireadh seachtaine seo chugainn
Babhta iomlán cluichí a bheidh ar siúl sa tSraith RaboDirect Pro Dó Dhéag an deireadh seachtaine beag seo. Cuirfidh na Laighnigh tús le himeachtaí tráthnóna inniu nuair a imreoidh siad i gcoinne Treviso san RDS. Is é Cúige Laighean, is dócha, an fhoireann cúige is mó buailte de bharr gan fáil ag Joe Schmidt ar go leor dá chuid imreoirí céadrogha.
Ach bheadh an gearán céanna ag fir Treviso agus leithéidí Kris Burton, Alessandro Zanni mar aon le Leonardo Ghiraldini ar dualgas leis an Iodáil. Bhí an bua ag Treviso ar na Laighnigh (30-20) in Stadio Monigo ag deireadh mhí na
Tuilleadh...
Cé atá ar an margadh?
Ar chuala sibh an scéal is déanaí atá ag dul thart i measc lucht an rugbaí in Éirinn? Is cosúil go bhfuil an t-iomrá ann go bhfuil Joe Schmidt, cóitseálaí Laighean, ag lorg duine a thógfadh áit Leo Cullen, captaen na foirne agus imreoir dara líne, go dtí go mbeidh sé ar a sheanléim arís. Tá Cullen ag teacht chuige féin i ndiaidh dó dul faoi scian dochtúra de bharr gortú a bhain dá theannán Aichill.
An tráth sin bliana is cúis leis na scéalta céanna agus agus cóitseálaithe ag breathnú thart féachaint cé atá ar an margadh. James Downey cuir
Tuilleadh...
Adam Jones tar éis conradh nua a shíniú le Ospreys
Tá sé tugtha le fios anois go bhfuil conradh nua sínithe ag imreoir rugbaí na Breataine Bige, Adam Jones, le lucht Ospreys.
Deirtear go mairfidh an conradh nua seo ar feadh dhá bhliain agus go mbeidh sé leo go dtí an samhradh in 2014, ar a laghad.
Dúirt Jones féin go raibh an-áthas air go raibh conradh sínithe agus mar gheall go bhféadfaidh sé leanúint ar aghaidh ag imirt dá réigiún dúchais féin ar feadh tréimhse eile. Thug sé le fios go bhfuil sé ar bís don todhchaí agus go dteastaíonn uaidh tabhairt faoi ar an bpointe. LINK_ADD_COMMENT
Tuilleadh...
Kidney: Ceachtanna le foghlaim óna gcailliúint
Níl aon dabht faoi ach go bhfuil díomá ar fhoireann Rugbaí na hÉireann tar éis dóibh a gcéad chluiche i gCraobh na Sé Náisiún (RBS) a chailleadh inné.
Chaill siad i gcoinne na Breataine Bige le 21 in aghaidh 23 ag Bóthar Lansdún i mBaile Átha Cliath. I ndiaidh an chluiche, dúirt an captaen Paul O’Connell go raibh an locht orthu féin agus go ndéanfaidís gach uile iarracht teacht acu féin arís don chluiche i gcoinne na Fraince ar an 11 Feabhra, a bheas á imirt i bPáras.
Dúirt an cóitseálaí Declan Kidney go ndéanfaí cinnte ceachtanna a fhoghlaim ón gcailliúint seo
Tuilleadh...
Leathanach 5 as 9


Cúrsaí Rugbaí








