Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 22 Bealtaine 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Blag Spóirt

Blag Spóirt

Daoine óga (agus eile) ag taisteal

Ríomhphost Priontáil PDF
Bhí mé amuigh ag Aerfort Átha Cliath faoi dhó le seachtain anuas chun mo bheirt mhac a bhailiú agus iad sa bhaile don Nollaig. Is iomaí cúis ag duine a thír dhúchais a fhágáil. An ghéarchéim sa gheilleagar, ar ndóigh, an fáth a bhfuil go leor daoine ag imeacht leo i láthair na huaire. Mar a scríobhadh in amhrán de chuid Einniú: Ó níor theastaigh uathu imeacht óna gcairde, óna gclann ach céard eile a bhí le déanamh nuair nach bhfuil aon obair ann?   Ach measaim féin nach deireadh an tsaoil é an imirce. Tá domhan fada fairsing amuigh ansin agus deis ag daoine anois
Tuilleadh...

Cúige Laighean v ASM Clermont

Ríomhphost Priontáil PDF
Cloistear ó am go chéile daoine ag gearán faoi chaighdeán an rugbaí i Sraith RaboDirect agus, má táimid le bheith macánta faoi, tá údar maith casaoide acu. Go deimhin, ní féidir an dubh a chur ina gheal ar dhaoine agus mura mbíonn na sluaite tacadóirí i láthair ag na cluichí rugbaí in Murrayfield nó in Cardiff Arms Park, caithfidh sé go bhfuil cúis éigin leis. Aon fhoireann déag ó Shraith RaboDirect a bhí in iomaíocht i gCorn Heineken i rith an deireadh seachtaine seo chuaigh thart. Orthu sin ar fad, níor bhuaigh ach trí cinn díobh, is iad sin Connachta agus
Tuilleadh...

Naoimh Northampton v Ulaidh

Ríomhphost Priontáil PDF
Le linn Chraobh na Sé Náisiún níos túisce i mbliana, tharla go raibh mé féin agus tuairisceoir rugbaí ó cheann de na nuachtáin ó thuaidh ag ól cupán tae le chéile sa Staid Aviva ar Bhóthar Lansdún. An cluiche Éire in aghaidh na hIodáile a bhí ann. ‘An bhfuil cinneadh ar bith déanta fós,’ arsa mise leis, ‘faoi chóitseálaí nua in Ulaidh?’ Ábhar conspóideach a bhí ann agus go leor daoine den tuairim nár chaith na húdaráis rugbaí in Ravenhill i gceart le Brian McLaughlin. ‘Tá fear acu,’ a deir mo dhuine liom. ‘Mark Anscombe ón Nua-Shéalainn.’ Rinneamar tamall comhrá faoin
Tuilleadh...

Tógann mionchlocha caisleáin

Ríomhphost Priontáil PDF
Ba dheas a bheith i Staid Aviva Dé Sathairn seo caite. Seacht n-úd a scóráil fir Declan Kidney sa bhua i gcoinne na hAirgintíne agus tá a stádas i measc na n-ocht bhfoireann rugbaí is airde san ord fiúntais domhanda cinntithe acu dá bharr. ‘Seo an uair dheireanach a chaithfimid geansaí na hÉireann i 2012,’ arsa Jamie Heaslip ag caint dó díreach tar éis an chluiche, ‘nach iontach an dóigh é le clabhsúr a chur ar an mbliain!’ Ábhar spéise anois é feiceáil cé hiad na foirne eile a bheidh in aon ghrúpa le foireann na hÉireann nuair a dhéanfar an
Tuilleadh...

Spreagadh intinne (agus coirp!)

Ríomhphost Priontáil PDF
Bhí mé i láthair ag caint a thug Liam Sheedy in DCU i dtús mhí na Samhna. Bheadh aithne ag daoine ar Sheedy toisc gurbh é a bhí i gceannas ar fhoireann iomána Thiobraid Árann tráth ar bhuaigh siad Corn Mhic Cárthaigh sa bhliain 2010. Agus in ainneoin nach cóitseálaí idirchontae a thuilleadh é, feictear agus cloistear é go tráthrialta ar RTÉ agus é i mbun anailíse ar chluichí craoibhe iomána i gcaitheamh an tsamhraidh. Is ar cuireadh ag Cumann Iománaíochta DCU a tháinig sé chuig an ollscoil. ‘Seans maith nárbh iad na hiománaithe ab fearr sa chontae a bhí agam ar
Tuilleadh...

Leathanach 1 as 7

Suirbhé

An raibh ort déileáil le bulaíocht ag aon am ag an obair/ar scoil?




Torthaí

Twitter