Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 18 Bealtaine 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt

An t-imreoir sacair David Beckham ag dul ar scor

D’fhógair an t-imreoir cáiliúil sacair, David Beckham, tráthnóna inniu go bhfuil sé le héirí as an sacair agus dul ar scor.

Deirtear gur dhiúltaigh Beckham (38) conradh eile a shíniú lena chlub, PSG (Paris Saint Germain) agus bliain eile a chaitheamh ag imirt. D’éirigh go maith leis an gclub seo le gairid agus iad tar éis an craobh Francach a bhuachan ansin an tseachtain seo caite.

Tá 19 mbliana ar fad caite ag Beckham ag imirt sacair go

Tuilleadh...

Conradh nua bliana sínithe ag Brian O'Driscoll

Tá sé tugtha le fios go bhfuil an réalta rugbaí Éireannach, Brian O’Driscoll, tar éis conradh nua a shíniú le Cumann Rugbaí na hÉireann (IRFU).

Is conradh bliana a deirtear atá i gceist agus ciallóidh sé seo go mbeidh sé ag imirt d’Éirinn agus do Laighin go dtí mí an Mheithimh 2014.

Bhí ráflaí láidre ag dul thart le gairid, go raibh rún ag O’Driscoll éirí as an rugbaí i mbliana ach tá Tuilleadh...

David Moyes deimhnithe mar bhainisteoir nua ar Manchester United

Tá sé deimhnithe anois ag an bhfoireann sacair, Manchester United, gurb é David Moyes, a bheas mar bhainisteoir nua orthu.

Seo tar éis do Sir Alex Ferguson fógra a thabhairt ar maidin inné go raibh sé le héirí as a ról mar bhainisteoir ar an bhfoireann ag deireadh an tséasúir seo agus é ag dul ar scor.

Tá 27 bliain ar fad caite ag Ferguson (71) mar bhainisteoir ar an bhfoireann clúiteach seo.

Tuairiscítear gur mhol Ferguson Moyes don ról. Deirtear go bhfuil conradh

Tuilleadh...

Ferguson le héirí as a ról mar bhainisteoir ar Manchester United

Tá sé fógartha ar maidin inniu go bhfuil Sir Alex Ferguson le héirí as a ról mar bhainisteoir ar fhoireann sacair Manchester United ag deireadh an tséasúir seo agus é ag dul ar scor.

Tá 27 bliain ar fad caite ag Ferguson (71) mar bhainisteoir ar an bhfoireann clúiteach seo. Tá 49 trófaí ar fad buaite ag an bhfoireann ó ghlac sé ceannas orthu sa bhliain 1986.

Níl Manchester United ach díreach tar éis an Phríomhshraith a bhuachan i mbliana – seo an 13ú Tuilleadh...

Toirmeasc curtha ar Luis Suarez do 10 gcluiche

toirmeasc curtha ar an imreoir sacair, Luis Suarez, do 10 gcluiche ar fad as plaic a bhaint as imreoir eile.

D’fhógair Cumann Sacair Shasana (FA) an scéala seo níos túisce inniu.

Chuir coimisiún neamhspleách rialála an toirmeasc seo air mar gheall go raibh cúis d’fhoréigean ina choinne. Bhain imreoir Liverpool, Suarez, plaic as imreoir Chelsea, Branislav Ivanovic, le linn a gcluiche ar an Domhnach seo caite.

Creideadh ar dtús go mbeadh sé ar Tuilleadh...

Gradam Mhic Con Mhidhe do Spórt an tSathairn ar RnaG

SBB_McNamee_Press_2

Gradam na Gaeilge 2012 ag Gradaim Mhic Con Mhidhe bronnta ag Cumann Lúthchleas Gael ar an gclár Spórt an tSathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Bhronn Uachtarán CLG Liam Ó Néill an gradam ar Sheán Bán Breathnach (féach grianghraf ar chlé) ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn.

Tá Gradaim Mhic Con Mhidhe Tuilleadh...

Deireadh curtha ag an IRFU le conradh Declan Kidney

D’fhógair Cumann Rugbaí na hÉireann (IRFU) tráthnóna inniu nach bhfuil siad chun conradh Declan Kidney, príomhchóitseálaí fhoireann rugbaí na hÉireann, a athnuachan.

Bhí deireadh le teacht le conradh Kidney ar an 30 Meitheamh ach d’eisigh an IRFU ráiteas tráthnóna ag rá go mbeadh deireadh ag teacht leis inniu.

Deirtear gurb é Les Kiss a bheas i gceannas ar an gcamchuairt chuig Meiriceá Thuaidh an samhradh seo anois.

Dúirt Tuilleadh...

Cattermole agus Fletcher amuigh don séasúr de bharr gortuithe

Tá sé deimhnithe tráthnóna inniu nach mbeidh na himreoirí sacair, Lee Cattermole agus Steven Fletcher, ábalta imirt don chuid eile den séasúr.

Imríonn an dá imreoir seo d’fhoireann Sunderland agus beidh siad ar an mbinse don chéad eile den séasúr mar gheall ar ghortuithe a bhaineann dóibh.

Chuaigh Cattermole faoin scian níos luaithe inniu, mar gheall ar ghortú a bhaineann dá ghlúin agus deirtear gur ghortaigh Fletcher ballnasc ina rúitín, fad is a bhí sé ag

Tuilleadh...

A fhoireann ainmnithe ag Trapattoni don chluiche amárach

Tá a fhoireann ainmnithe ag bainisteoir fhoireann peile na hÉireann, Giovanni Trapattoni, dá gcluiche cáilithe i gcoinne fhoireann na hOstaire amárach don Chorn Domhanda.

Beidh an cluiche ar bun i mBaile Átha Cliath tráthnóna amárach.

Tá na himreoirí Conor Sammon agus Glenn Whelan le háit Robbie Keane (captaen) agus Paul Green a thógáil sa chluiche. Is é seo an t-aon athrú atá déanta ag an bhfoireann a

Tuilleadh...

Leathanach 1 as 37

Suirbhé

An raibh ort déileáil le bulaíocht ag aon am ag an obair/ar scoil?




Torthaí

Twitter