Ag cruinniú i nGaoth Dobhair inniu, an 29 Meitheamh 2012, cheadaigh Bord Fhoras na Gaeilge €6.7 milliún do na heagraíochtaí bunmhaoinithe don tréimhse go dtí Meitheamh 2013.
Cinneadh chomh maith nach leanfar ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe mar a bhí molta cheana. Aithníonn an Bord an riachtanas a bhaineann le hathstruchtúrú na hearnála de réir threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas.
Beidh Foras na Gaeilge ag breathnú anois ar mhúnlaí eile agus cuirfear tuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht san áireamh chomh maith le moltaí Choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Thionól Thuaisceart Éireann. Chomh maith leis sin, cuirfidh Foras na Gaeilge san áireamh na moltaí agus na tuairimí a léiríodh le linn an phróisis chomhairliúcháin.
Cuirfear san áireamh forbairtí reatha i gcur chun cinn na Gaeilge, Thuaidh agus Theas, ar nós Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, An Bille Gaeltachta agus Líofa 2015. Beidh Foras na Gaeilge ag comhoibriú leis na heagraíochtaí Gaeilge sna míonna beaga romhainn lena dheimhniú go mbainfear torthaí fónta amach roimh dheireadh na tréimhse bunmhaoinithe a ceadaíodh inniu.











