Tuairiscítear anois go bhféadfadh sé go gcuirfí iallach ar mhná, a bhíonn ag imirt leadóige, an ghnúsacht a bhíonn á déanamh acu, fad is a bhíonn siad i mbun imeartha, a laghdú.
Deirtear go bhfuil sé i gceist rialacha nua a chur i bhfeidhm, ionas nach ligfear dóibh a bheith ag gnúsacht ró-ard agus iad i mbun imeartha.
Is cosúil go bhféadfadh sé go mbeadh úsáid á baint ag na maoir as gairis láimhe, a bheadh ábalta déanamh amach cé chomh hard is a bheadh gach gnúsacht a dhéanfaidís.
Tuairiscítear go bhfuil an ITF (International Tennis Federation), an WTA (Women’s Tennis Association) agus ionadaithe eile tar éis aontú ar na pleananna seo. Meastar áfach, nach mbeidh siad á gcur i bhfeidhm aon am go luath agus gur iarracht ar bhonn fadtéarmach a bheas i gceist.











