Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 22 Bealtaine 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Nuacht Nuacht is déanaí Rianta d'alcól i ndeochanna áirithe cola agus baol níos mó d'ailse i gceist , dar le taighde

Rianta d'alcól i ndeochanna áirithe cola agus baol níos mó d'ailse i gceist , dar le taighde

Ríomhphost Priontáil PDF

Tá sé léirithe ag staidéar nua a reáchtáladh le déanaí go bhfuil rianta d’alcól le fáil i mbreis is leath de na brandaí is mó de dheochanna boga cola.

I measc na mbrandaí sin, tá Coke Zero agus Pepsi Cola.

taighdeoirí ón INC (National Institute of Consumption) i bPáras ag maíomh go bhfuair siad féin leibhéil ísle d’alcól i ndeochanna de chuid Coca-Cola. Seo thart ar 10mg i ngach lítear.

Tá siad ag maíomh freisin áfach nach bhfuair siad aon rianta d’alcól i mbrandaí níos saoire de cola.

I staidéar éagsúil eile a reachtáladh le gairid freisin, tugadh le fios go bhféadfadh sé go bhfuil ceimiceán éigin atá i dtairgí áirithe cola, ábalta an baol d'ailse a mhéadú freisin.

Suirbhé

An raibh ort déileáil le bulaíocht ag aon am ag an obair/ar scoil?




Torthaí

Twitter