Meastar anois nach mbeidh imreoir Luimnigh, Seamus Hickey, ábalta imirt i gCraobhchomórtas Sinsear na Mumhan san Iománaíocht.
Fógraíodh an méid seo tar éis do Hickey a lámh a bhriseadh thar an deireadh seachtaine, fad is a bhí ag imirt le Murroe-Boher do Chraobhchomórtas Sinsear Luimnigh san Iománaíocht.
Leis seo, ní bheidh sé ábalta imirt dá chontae i gcoinne Thiobraid Árann seachtain ón Domhnach seo chugainn.
Is cailliúint mhór é do Luimneach ach tá Declan Hannon ar ais i mbun traenála an tseachtain seo agus súil acu go mbeidh sé ar ais i mbun imeartha gan mhoill freisin.











