Ghabh Gardaí iarTheachta Dála de chuid an Pháirtí, Fianna Fáil, níos luaithe inniu mar gheall go bhfuil amhras gur bhain sé úsáid as sonrasc bréagach chun éileamh a dhéanamh ar chostais.
Deirtear go bhfuil amhras go ndearna an t-iarTheachta Dála, Ned O’Keeffe an t-éileamh seo ar chostais a bhain le guthán póca, fad is a bhí sé ag obair mar Theachta Dáil sa Dáil.
Gabhadh é ag a theach cónaithe i mBaile Mhistéala agus rinneadh a theach a chuardach freisin.
Tá sé á cheistiú ag stáisiún na nGardaí sa Chóbh faoi láthair agus tá cead acu é a choinneáil ar feadh 24 uair an chloig.











