Tá sé tugtha le fios anois go bhfuil club CLG i dTír Eoghain tar éis imeacht dá gcuid a chur ar ceall mar gheall ar agóidí óna lucht leanúna.
Deirtear go raibh ar lucht Derrytresk an t-imeacht, a bhí eagraithe acu mar pháirt den scéim ‘Live to Play’ chun sábháilteacht bhóthair a chur chun cinn, a chur ar ceal mar gheall nach raibh a leantóirí sásta mar gheall go mbeadh baint ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) leis.
Is cosúil gur bhagair roinnt dá bhaill an chlub go rachadh siad i mbun agóide ag an imeacht mar gheall go mbeadh lucht an PSNI i láthair freisin.











