Tá fiosrúchán á reáchtáil ag Gardaí i gCo Chorcaí faoi láthair maidir le drochthimpiste bhóthair a tharla ansin, inar maraíodh bean amháin.
Tharla an timpiste ag thart ar 6.20am ar maidin inniu ar bhóthar an M8 in aice le Cnocán na Biolraí agus is carr agus leoraí a bhí páirteach ann.
Gortaíodh bean amháin sna seascaidí, a bhí sa suíochán cúil sa charr, go dona. Tugadh chuig Ospidéal Ginearálta Chorcaí í ach fógraíodh go gairid ina dhiaidh sin go raibh sí marbh. B’éigean an triúr eile a bhí sa charr léi a thabhairt chuig an ospidéal freisin le cóir leighis a chur orthu.
Ní raibh aon ghá tiománaí an leoraí a thabhairt chuig an ospidéal.
Tá an bóthar fós dúnta ansin go dtí na scrúduithe ar fad déanta ar an láthair. Tá tiománaithe á gcur ar mhalairt slí.











