Meastar go bhfógróidh Pep Guardiola, atá ina bhainisteoir ar fhoireann Barcelona, a chinneadh inniu maidir le fanacht leis an bhfoireann nó imeacht uathu.
Tá ana-chuid cainte á déanamh faoin gcás seo óna gcluiche i gcoinne Chelsea ar an Mháirt, inar chríochnaigh siad ar chomhscór agus óna gcluiche i gcoinne Real Madrid an deireadh seachtaine seo caite, inar chaill siad.
Is conarthaí gearrthéarma atá faighte ag Guardiola ó ghlac sé ceannas ar Barcelona ar dtús agus tagann deireadh lena chonradh is deireanaí an samhradh seo.
Beidh preasocáid á reáchtáil inniu ag meán lae (am áitiúil) ag Camp Nou agus is anseo a thabharfaidh sé le fios an mbeidh sé ag imeacht ón gclub.











