Tuairiscítear inniu go mbeidh ar an mbanc, AIB, €3.1 milliún a íoc ar ais le thart ar 11,500 custaiméir mar gheall gur baineadh iomarca airgid dóibh.
Tugadh le fios tar éis athbhreithniú inmheánach a dhéanamh, gur baineadh an iomarca airgid amach maidir le plean a bhí i bhfeidhm do chosaint íocaíochtaí ar chartaí creidmheasa, árachas taistil, iasachtaí, srl.
Deirtear go raibh botúin i gceist maidir leis an gcaoi ar díoladh an plean do na custaiméirí ach tá an banc féin ag rá gur botúin a bhí i gceist maidir le polasaithe a chur i bhfeidhm i gceart.
Is cosúil go mbeidh €270 euro, ar an meán, an duine le fáil ag na custaiméirí.











