Ní mór do chomhlachtaí bia Éireannacha cumas iomlán an chláir: "Taste of Europe: European Promotional Measures" a bhaint amach
Níl leithéid caighdeán agus éagsúlacht tairgí talmhaíocht an Aontais Eorpaigh ar fáil in aon áit eile ar domhan. Ní leor é, áfach, bia agus deoch den scoth a tháirge.Le linn díospóireacht de chuid Choiste Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe Pharlaimint na hEorpa maidir le togra an Choimisiún Eorpaigh um "Tastes of Europe: Promotion of EU Products" inniu, luaigh Liam Aylward FPE ó thoghcheantar Oirthear na hÉireann earnáil na dtáirgeoirí bia áitiúla agus cé chomh tábhachtach is atá sé go dtabharfadh an Coimisiún tacaíocht don earnáil sin.Ag labhairt le linn cruinniú an Choiste, dúirt Liam Aylward FPE: “Tá níos mó agus níos mó suime á cur ag tomhaltóirí i mbia áitiúla agus i dtáirgí traidisiúnta. Is léiriú ar sin í eascairt na margaí beaga áitiúla agus feirmeoireachta. Tá méadú tagtha ar méid na gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus na mionghnóthais atá ag táirge agus ag díol táirgí bia atá ar ardchaighdeán.”
“Is léir go bhféadfadh an tionscnamh seo, dá gcuirfí i bhfeidhm i gceart é, tionchar iontach maith a bheith aige ar an mhargadh onnmhairiúcháin. I mo thuairimse, áfach, ní mór go gceanglófaí sin le rialacha um sholáthar poiblí glas. Tá caighdeán ard ag na hearraí bia atá á dtáirge ag Éirinn agus ní mór go dtabharfaí tacaíocht don earnáil agus an rochtain ar na margaí a fheabhsú.”
Tá an earnáil talmhaíochta/bhia fíorthábhachtach d’Éirinn agus thart ar 150,000 duine fostaithe aici. Tá thart ar 600 comhlacht um bhia agus deoch, a bhíonn ag soláthar 85% de bhia agus bia mara na tíre do 160 tír ar fud an domhain, i gceist léi.
Is faoin Uasal Aylward a bhí sé ionadaíocht ar son an ghrúpa ALDE a dhéanamh agus an Tuarascáil seo á plé agus is iad na táirgeoirí beaga is tábhachtaí don bhfeisire ón Oirthear sa mhéid sin.
“Chaith an AE €47 milliún ar chúrsaí fógraíochta sa bhliain 2011 agus is €55 milliún atá ann chuige sin i mbliana. Ní mór dúinn a chinntiú go n-úsáidfí an t-airgead sin chun fógraíocht a dhéanamh ar mhaithe le táirgeoirí áitiúla agus réigiúnacha.”











