Tugadh le fios níos luaithe inniu go ndéantar ionsaí ar bheirt Ghardaí, ar an meán, gach lá in Éirinn.
Seo dar le Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána. Tá siadsan ag maíomh go bhfuil líon na n-ionsaithe a dhéantar ar Ghardaí ag ardú an t-am ar fad.
Tá siad ag éileamh ar an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, Alan Shatter, anois go gcaithfear reachtaíocht cheart a chur i bhfeidhm le dul i ngleic le coireanna den chineál seo agus nach leor veist chosanta a bheith á gcaitheamh acu.









