Tá sé fógartha ag an gcomhlacht mór fuinnimh as an mBreatain, SSE, tráthnóna inniu go mbeidh 700 post in iomlán á gcruthú acu in Éirinn.
Deirtear go mbeidh 100 de na poist á gcur ar fáil ar bonn buan agus go mbeidh 600 eile á gcur ar fáil fad is a bheas an obair thógála ar bun thar thréimhse de dhá bhliain ar fad.
Tá siad á gcruthú mar pháirt d’infheistíocht de thart ar €500 milliún ar fad atá á déanamh agus is iad an comhlacht Airtricity a bheas ina feighil in Éirinn.
Meastar gurb é an tionscadal is mó a bheidh á reáchtáil acu ná stáisiún cumhachta nua gáis i Loch Garman.








