


Fáilte romhaibh a chairde chuig an gcéad eagrán d’Fhoinse 2013 agus chuig an gcéad leathanach faisin. Tá rud éigin álainn agus spreagúil faoi bhliain nua. Is cúis iontach é le tosú arís agus triail a bhaint as rudaí nua agus céard atá níos fearr ná triail a bhaint as stíl nua na bliana? Ceann de na rudaí is deise faoi fhaisean ná go bíonn sé ag síorathrú.
Bliain nua – faisean nua! Ach céard go díreach a bheidh á chaitheamh againn go léir in 2013? Bhuel, de réir a raibh le feiceáil ar na hardáin taispeána, tá neart le bheith ag súil leis. Ach cé go díreach a deir linn cad a bheidh istigh? Le déanaí, tháinig mé ar chomhlacht a oibríonn le dathanna i gcomhair na hearnála faisin, dearaidh agus áilleachta.
Tá an comhlacht seo, darb ainm Pantone, ag tuar gurb é an dath smaragaide a bheidh istigh ar bhealach mór in 2013. Go deimhin is rogha éagsúil é smaragaid mar dhath mór na bliana. De ghnáth ní bhíonn glas chomh feiceálach sin ar na hardáin ach bhí sé le feiceáil ag Michael Kors agus chaith Kate Middleton gúna álainn smaragaide ar chuairt oifigiúil le déanaí.
Is cosúil gur maith leis an mBandiúc an dath seo mar chaith sí an gúna álainn lása ag ócáid mhór i Londain níos luaithe i mbliana ag céilúradh na gCluichí Oilimpeacha 2012. Taitníonn an dath seo go mór liom mar gheall ar an saibhreas atá i gceist leis. Oirfidh na dathanna sa réimse seo do dhathúchán mhná na hÉireann go mór freisin.
Seo roinnt de na píosaí atá feicthe agam le déanaí agus cinnte beidh i bhfad níos mó smaragaide le teacht sa bhliain atá romhainn.
1Tá na jíons tanaí seo ar €13 ó PENNEYS ar fheabhas mar thús do phlé le smaragaid.
2Tagann an blús aoibhinn seo ó bhailiúchán na Kardashians ag DOROTHY PERKINS atá laghdaithe anois go €26.
3 Má tá an t-ádh leat teacht ar aon phíosa ó bhailiúchán na Kardashians ag DOROTHY PERKINS tá an gúna seo go hálainn uathu. Tá sé laghdaithe go €29 anois.
4 Mura bhfuil suim agat i bpíosa mór a chaitheamh sa dath seo, is féidir an mála álainn seo a fháil ó iCLOTHING.IE ar €60.


Faisean

















Gach sa
mhradh má tá an t-ádh linn dul ar laethanta saoire nó 



























Gach 

















aibh
3.





























