Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 23 Bealtaine 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Gnéithe

Gnéithe

Léirmheas ar an scannán ceoil Les Misérables

Les Misérables

Rátáil aoise: 12

Aisteoirí: Hugh Jackman, Anne Hathaway, Russell Crowe, Helena Bonham Carter, Sacha Baron Cohen, Colm Wilkinson agus neart eile

Cuireadh an scannán ceoil seo le chéile mar leagan eile den cheoldráma a cuireadh ar stáitse, a bhí bunaithe ar úrscéal cáiliúil Victor Hugo.

Tá sé suite sa Fhrainc sa 19ú haois agus insítear scéal Jean Valjean (Jackman) dúinn. Bíonn sé sa phríosún ach ligtear amach ar pharúl é. Ní chloíonn sé leis áfach agus éalaíonn sé ar fad. Caitheann sé blianta fada ina dhiaidh seo ar a theitheadh ó chigire na bpóilíní ansin, Javert (Crowe). Idir an dá linn, déanann sé iarracht cúnamh a thabhairt do Fantine (Hathaway), a théann i dtreo an striapachais tar éis di a bpost a chailleadh i monarcha Valjean. Nuair a fhaigheann Fantine bás, uchtaíonn sé a hiníon tar éis gealltanas a thabhairt di go dtabharfaidh sé aire di.

Déanann sé go iarracht éalú ón saol a bhíodh aige tráth ach an n-éireoidh leis? Caithfidh sibh féachaint air le fáil amach.

Bhí a fhios agam gur scannán ceoil a bhí anseo ach caithfidh mé a rá go raibh saghas iontas orm nach raibh aon ghnáthchomhrá tríd an scannán ar chor ar bith ach daoine ag canadh an t-am ar fad.

Aon scannán ceoil a chonaic mé roimhe seo, bhíodh amhráin á gcanadh ach bhíodh gnáthchomhrá le cloisteáil idir eatarthu freisin. Sa scannán seo, bhí na carachtair ag canadh i gcaitheamh an achair ar fad.

Thaitin an scéal go mór liom ach fuair mé saghas tuirseach den amhránaíocht (gan stad) thart ar leath bealaigh tríd an scannán agus ní raibh an tsuim chéanna agam ann. Fuair mé deacair é m’aird a choinneáil ar an scéal féin.

Bhí sé an-aisteach domsa freisin leithéidí Huge Jackson agus Russell Crowe a chloisteáil ag canadh mar a bhí siad sa scannán seo. Tá difear mór idir an léargas a thugtar dom ar Crowe sa scannán seo i gcomparáid leis an léargas a thugtar dúinn air sa scannán Gladiator Robin Hood mar shampla.

Taitníonn scannáin cheoil liom de ghnáth ach bhí an ceann seo beagán iomarcach dom leis an bhfírinne a insint. Is dóigh liom go raibh sé ró-éagsúil domsa go pearsanta.

É sin ráite, más duine thú a bhfuil an-suim sa cheol agus san amhránaíocht agat, níl aon dabht ach go dtaitneoidh an scannán seo thar cionn leat. Mar a dúirt mé, tá scéal aoibhinn leis freisin agus beidhgafa aige. Is dóigh liom gurb í Anne Hathaway an t-aisteoir is mó a sheas amach sa scannán seo...bhí sí ar fheabhas.

I mo chás féin, creidim go mbainfinn taitneamh níos fearr as an leabhar a léamh.

Tá sé seo ar fáil ar cíos ar DVD i siopaí Xtravision ar fud na tíre anois.

Dim lights

Tá liosta iomlán de na scannáin is deireanaí atá tagtha amach ar DVD agus Blu-ray le feiceáil ar shuíomh Xtravision ag http://www.xtravision.ie/Home

Tuilleadh...

Smaragaid

Fáilte romhaibh a chairde chuig an gcéad eagrán d’Fhoinse 2013 agus chuig an gcéad leathanach faisin. Tá rud éigin álainn agus spreagúil faoi bhliain nua. Is cúis iontach é le tosú arís agus triail a bhaint as rudaí nua agus céard atá níos fearr ná triail a bhaint as stíl nua na bliana? Ceann de na rudaí is deise faoi fhaisean ná go bíonn sé ag síorathrú.

Bliain nua – faisean nua! Ach céard go díreach a bheidh á chaitheamh againn go léir in 2013? Bhuel, de réir a raibh le feiceáil ar na hardáin taispeána, tá neart le bheith ag súil leis. Ach cé go díreach a deir linn cad a bheidh istigh? Le déanaí, tháinig mé ar chomhlacht a oibríonn le dathanna i gcomhair na hearnála faisin, dearaidh agus áilleachta.

Tá an comhlacht seo, darb ainm Pantone, ag tuar gurb é an dath smaragaide a bheidh istigh ar bhealach mór in 2013. Go deimhin is rogha éagsúil é smaragaid mar dhath mór na bliana. De ghnáth ní bhíonn glas chomh feiceálach sin ar na hardáin ach bhí sé le feiceáil ag Michael Kors agus chaith Kate Middleton gúna álainn smaragaide ar chuairt oifigiúil le déanaí.

Is cosúil gur maith leis an mBandiúc an dath seo mar chaith sí an gúna álainn lása ag ócáid mhór i Londain níos luaithe i mbliana ag céilúradh na gCluichí Oilimpeacha 2012. Taitníonn an dath seo go mór liom mar gheall ar an saibhreas atá i gceist leis. Oirfidh na dathanna sa réimse seo do dhathúchán mhná na hÉireann go mór freisin.

Seo roinnt de na píosaí atá feicthe agam le déanaí agus cinnte beidh i bhfad níos mó smaragaide le teacht sa bhliain atá romhainn.

1Tá na jíons tanaí seo ar €13 ó PENNEYS ar fheabhas mar thús do phlé le smaragaid.

2Tagann an blús aoibhinn seo ó bhailiúchán na Kardashians ag DOROTHY PERKINS atá laghdaithe anois go €26.

3 Má tá an t-ádh leat teacht ar aon phíosa ó bhailiúchán na Kardashians ag DOROTHY PERKINS tá an gúna seo go hálainn uathu. Tá sé laghdaithe go €29 anois.

4 Mura bhfuil suim agat i bpíosa mór a chaitheamh sa dath seo, is féidir an mála álainn seo a fháil ó iCLOTHING.IE ar €60.

Tuilleadh...

Silver Linings Playbook ar fáil ar DVD anois

Silver Linings Playbook

Rátáil Aoise: 15A

Aisteoirí: Bradley Cooper, Jennifer Lawrence, Robert De Niro, Jacki Weaver, Chris Tucker agus eile.

Ní raibh mé róchinnte faoin scannán seo nuair a thosaigh mé ag féachaint air ar dtús. Bhí scéal an scannáin ar eolas agam mar gheall ar léirmheasanna a bhí leite agam faoi agus bhí imní orm go bhfaighinn an scéal féin saghas aisteach le leanúint.

Tar éis thart ar 15 nóiméad den scannán a bheith feicthe agam áfach, bhí barúil mhaith agam go dtaitneodh sé liom.

Is scannán drámatúil agus rómánsach é, ach tá beagán grinn ann freisin. Sa scannán, dírítear ar dhá phríomhcharachtar – Pat Solitano (Cooper) agus bean darb ainm, Tiffany (Lawrence).

Bíonn gnáthshaol ag Pat, é pósta agus ag obair mar mhúinteoir scoile. Iompraítear a shaol bun os cionn áfach an lá a shiúlann sé isteach ar a bhean chéile agus í in éineacht le fear eile. Téann sé as a mheabhair agus cuirtear isteach in institiúid do dhaoine le meabhairghalar é ar feadh ocht mí ar fad. Ceadaítear dá mháthair é a thógáil amach as, chomh fada is go gcoinneoidh siad féin súil air.

Bíonn Pat ag iarraidh gach rud ina shaol a chur ina cheart arís agus dul ar ais in éineacht lena bhean chéile más féidir.

Nuair a chastar cailín eile – Tiffany – air áfach, faigheann cúrsaí ina shaol beagán casta. Bíonn sí sásta cúnamh a thabhairt dó dul ar ais lena bhean chéile ach caithfidh seisean rud éigin a dhéanamh di ina áit. De réir mar a fhaigheann siad aithne ar a chéile, tosaíonn a gcaidreamh ag athrú.

Cheap mé gur oibrigh Bradley Cooper agus Jennifer Lawrence go hiontach le chéile sa scannán agus bhí mé i ngreim acu ó thús an scannáin. Cheap mé go raibh an ról a bhí ag Cooper sa scannán seo an-éagsúil ó na róil a bhí aige i scannáin eile go dtí seo. Bíonn ar mothúcháin níos dáiríre a léiriú, leis an ról a bhíonn aige in Silver Lingings Playbook.

Bhuaigh an scannán seo roinnt gradam le gairid agus is cinnte gur féidir a rá gur maith an aghaidh air é agus go bhfuil siad tuillte ag an dream a chur le chéile é agus na haisteoirí a bhí páirteach ann.

Dim lights

 

Tuilleadh...

AIP nua don iPAD seolta ag TG4 agus ar fáil ón App Store

leagan iPad dá Sheinnteoir clár seolta ag TG4 anois, áis chuireann ar chumas úsáideoirí an ghoiris sin iar-fhéachaint ar ábhar Gaeilge ar

Sheinnteoir TG4 ó aon áit ar domhan. Cláir Ghaeilge ar fad atá ar an Aip seo mar aon le fotheidil Bhéarla.

Seoladh an Aip seo i dtráth Sheachtain na Gaeilge agus cuireann sé le seirbhís TG4 do lucht úsáide na Gaeilge agus é ina phointe teagmhála laethúil leis an teanga ar fud na cruinne.

Tá teacht ann ar chláir ó réimsí éagsúla sceideal TG4: faisnéis, drámaíocht, siamsaíocht, ceol & ealaíon, saol-chlár, daoine óga agus cúrsaí reatha.

Is é TG4 a sheol an chéad Seinnteoir riamh in Éirinn i 2002 agus cuireann an Aip nua seo leis an Seinnteoir sin ar an Idirlíon www.TG4.tv, mar dhoras isteach chuig ábhar clár TG4.

Tá an Aip nua saor in aisce agus is féidir teacht air trí “TG4” a chuardach san App Store ón iPad nó ar www.AppStore.com.

 

Tuilleadh...

An scannán deireanach sa tsraith Twilight ar fáil ar DVD

Xtra-vision_none_copy

The Twilight Saga: Breaking Dawn Part 2

Rátáil aoise: 12A

Aisteoirí: Kristen Stewart, Robert Pattinson, Taylor Lautner, Mackenzie Foy, Maggie Grace, Dakota Fanning, Nikki Reed

Dáta eisithe: Beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre ón 16 Samhain ar aghaidh.

Is é seo an ceathrú scannán sa tsraith áirithe seo, a bhfuil an-cháil go deo uirthi – go háirithe i measc na ndaoine óga. Is é seo an ceann deireanach sa tsraith ach leis an bhfírinne a insint, ní chuirfeadh sé aon iontas orm dá ndéanfaidís iarracht scannán nó dhó eile a chur leis an tsraith. D’éirigh thar barr leis na scannáin ar fad go dtí seo.

Sna scannáin eile, ba ghnáthdhuine í Bella (Kristen Stewart) ach sa cheann seo, tá sí athraithe isteach ina vaimpír ag Edward (Robert Pattinson) sa deireadh. D’athraigh sé í mar gheall nach raibh aon rogha eile aige tar éis di a leanbh, Renesmee, a chur ar an saol agus bhí Bella ag fáil bháis.

Nuair a fhaigheann an Volturi – na vaimpírí is cumhachtaí dá bhfuil ann – amach faoi Renesmee, bíonn ar an teaghlach Cullen ar fad teacht le chéile arís chun í a chosaint. Bíonn orthu slua mór de vaimpírí eile a thabhairt le chéile le hiarracht a dhéanamh cuidiú leo freisin.

Má tá gach scannán eile sa tsraith feicthe agat go dtí seo, is cinnte nach fiú an ceann seo a chailliúint ach oiread.

D’aon duine nach bhfuil na scannáin eile sa tsraith feicthe acu, mholfainn gan féachaint ar an gceann seo go dtí go mbeidh na cinn feicthe agaibh. Má fhéachann, d’fhéadfadh mearbhall a bheith oraibh agus go mbeadh sé deacair an scéal a leanúint.

Tá sé seo ar fáil ar cíos ar DVD i siopaí Xtravision ar fud na tíre anois.

Dim lights

Tá liosta iomlán de na scannáin is deireanaí atá tagtha amach ar DVD agus Blu-ray le feiceáil ar shuíomh Xtravision ag http://www.xtravision.ie/Home

Tuilleadh...

Argo: Scéinséir den chéad scoth ar fáil ar DVD anois

Xtra-vision_none_copy

Argo

Rátáil aoise: 15

Aisteoirí: Alan Arkin, Ben Affleck, John Goodman, Bryan Cranston, Michael Cassidy, Rory Cochrane, Titus Welliver, Victor Garber

Is scéinséir stairiúil polaitiúil é an scannán seo, atá bunaithe ar imeachtaí a tharla i ndáiríre sa bhliain 1979, nuair a bhí géarchéim san Iaráin maidir le gialla Meiriceánacha a bhí á gcoimeád ansin. Tá scéal an scannáin bunaithe ar na heachtraí a luaitear sa leabhar The Master of Disguise Tony Mendez, gníomhaire de chuid an CIA.

I 1979, rinne míleataigh ruathar ar an ambasáid Meiriceánach in Tehran agus tógadh 52 Meiriceánach ar fad mar ghialla. D’éirigh le seisear Meiriceánaigh éalú ón ambasáid áfach agus dul chomh fada leis an teach a raibh ambasadóir Cheanada ann. Chuaigh siad i bhfolach anseo ar feadh míonna.

Bhí a fhios ag lucht an CIA nach mbeadh sé i bhfad go dtí go bhfaigheadh na míleataigh san Iaráin amach faoi na Meiriceánaigh seo agus bhí a fhios acu freisin go maróidís iad.

Leis seo, smaoiníonn Mendez (Affleck) ar phlean chun na Meiriceánaigh seo a thabhairt ar ais chuig a dtír féin go slán sábháilte.

Níl aon dabht faoi ach gur scannán iontach é seo. Beidh tú ar bís ó thús go deireadh, le fáil amach céard a tharlóidh agus cén chaoi a n-éireoidh leis an dream atá ag iarraidh éalú as an tír. Bhuaigh an scannán seo trí ghradam Oscar i mbliana, ceann acu don scannán is fearr.

Is ag Ben Affleck atá an phríomhpháirt sa scannán seo agus is é stiúrthóir an scannáin freisin. Tá fear mór le rá eile, George Clooney, mar léiritheoir air, i dteannta Grant Heslov agus Affleck.

Tá na haisteoirí John Goodman agus Alan Arkin i mbun aisteoireachta anseo freisin agus tá siad ar fheabhas ar fad. Bheadh a fhios agat go bhfuil siad ar an mbóthar le fada an lá.

Scannán an-dáiríre ach iontach! Is fiú go mór féachaint air.

Tá sé seo ar fáil ar cíos ar DVD i siopaí Xtravision ar fud na tíre anois.

Dim lights

Tá liosta iomlán de na scannáin is deireanaí atá tagtha amach ar DVD agus Blu-ray le feiceáil ar shuíomh Xtravision ag http://www.xtravision.ie/Home

 

Tuilleadh...

Parker: Scannán nua aicsin le Jason Statham

Parker

Rátáil aoise: 16

Aisteoirí: Jason Statham, Jennifer Lopez, Michael Chiklis agus eile.

Dáta eisithe: Beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre ón 8 Márta ar aghaidh.

Is scannán aicsin é seo agus scéinséir, a bhfuil príomhpháirt ag an aisteoir clúiteach, Jason Statham ann. Bheadh aithne mhaith ar Statham ón tsraith Transporter agus ón tsraith, The Expendables, chomh maith le go leor scannáin eile.

Sa scannán seo, dírítear ar an gcarachtar Parker (Statham) – fear a mbíonn a shaol ar fad caite aige mar bhithiúnach. Bíonn cód morálta aige áfach, is é seo, gan dada a ghoid ó dhaoine atá bocht nó ó dhaoine nach bhfuil an oiread sin airgid, sócmhainní, srl acu. Chomh maith leis seo, ní maith leis aon duine a ghortú, mura dteastaíonn sé uathu nó mura bhfuil sé tuillte acu.

Déanann a chomhghleacaithe feall air áfach nuair a bhíonn siad i mbun gadaíochta agus fágann siad ansin é le bás a fháil. Tagann sé as agus ní bhíonn dada eile uaidh ansin ach díoltas a fháil  ar an dream seo. Athraíonn sé a ainm agus téann sé sa tóir orthu. Tagann sé trasna ar Leslie (Lopez) ar a bhealach agus tugann sí seo cúnamh dó.

Táim ag súil go mór leis an scannán seo a fheiceáil agus táim cinnte go mbeidh sé lán le haicsin, mar a bhíonn scannáin Statham de ghnáth.

Dim lights

Tuilleadh...

Killing Them Softly le Brad Pitt - amuigh ar DVD anois

Xtra-vision_none_copy

Killing Them Softly

Rátáil aoise: 18

Aisteoirí: Ben Mendelsohn, Brad Pitt, James Gandolfini, Max Casella, Ray Liotta, Richard Jenkins, Sam Shepard, Scoot M.

Tá an t-aisteoir clúiteach ar ais arís agus ceann de na príomhpháirteanna aige sa scannán seo.

Is scéinséir é an scannán seo, a bhfuil greann dorcha leis. Tá sé bunaithe ar úrscéal faoi choiriúlacht leis an údar George V. Higgins, a cuireadh amach ar dtús sa bhliain 1974.

Díríonn an scéal ar bheirt fhear – juncaithe – a ghoideann airgead a bhíonn in úsáid do chluiche poker, a mbíonn baint le drong an Mafia leis. Ceapann an bheirt fhear go mbíonn acu mar go gcreidtear go leor gur fear eile a rinne é. Ní bhíonn sé i bhfad go bhfaigheann Jackie Cogan (Pitt) an fhírinne amach áfach.

Ní thaitníonn sé le lucht na droinge gur ghoid dream éigin uathu agus go ndearna siad iarracht dallamullóg a chur orthu freisin.

Fostaíonn siad Cogan chun an bheirt seo a aimsiú agus ansin duine éigin eile a fháil chun fáil réidh leo agus iad a mharú.

Caithfidh mé a rá nuair a thosaigh mé ag féachaint ar an scannán seo ar dtús, níor cheap mé go mbeadh maith ar bith leis. Bhí sé an-mhall ag tosú agus thóg sé tamall gur tharla dada fiúntach ann dar liom. Fuair sé i bhfad níos fearr ina dhiaidh seo áfach, nuair a taispeánadh an robáil agus ansin, nuair a taispeánadh carachtar Pitt den chéad uair.

Go pearsanta, ní scannán é seo a thaitníonn chomh mór sin liom ar chor ar bith. Chuir sé an scannán Burn After Reading i gcuimhne dom – scannán eile le Brad Pitt a cuireadh amach roinnt blianta ó shin. Creidim má thaitin an scannán seo leat, go dtaitneoidh Killing Them Softly leat. Is dóigh liom gurb é an cineál céanna grinn atá sa phéire – greann atá an-dorcha ar fad.

Tá roinnt foréigean ann, le radharc amháin go háirithe atá sách grafach ach thairis seo, níl sé ródhona.

Tá a lán aisteoirí eile iontacha sa scannán seo freisin, leithéidí Ray Liotta, James Gandolfini agus a lán eile.

Tá sé seo ar fáil ar cíos ar DVD i siopaí Xtravision ar fud na tíre anois.

Dim lights

Tá liosta iomlán de na scannáin is deireanaí atá tagtha amach ar DVD agus Blu-ray le feiceáil ar shuíomh Xtravision ag http://www.xtravision.ie/Home

Tuilleadh...

Mark Wahllberg agus Russell Crowe sa scannán Broken City

ig popcorn

Broken City

Rátáil aoise: 15A

Aisteoirí: Mark Wahlberg, Russell Crowe, Catherine Zeta-Jones, Barry Pepper, srl.

Dáta eisithe: Beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre ón 1 Márta ar aghaidh.

Is scéinséir agus dráma é seo, faoi iarphóilín, Billy Taggart (Wahlberg) a bhíonn ag obair mar imscrúdaitheoir príobháideach, tar éis dó a bheith náirithe agus droch-cháil a bheith curtha air.

Faigheann Taggart deis eile nuair a fhostaíonn Méara Chathair Nua-Eabhrac, Nicholas Hostetler (Crowe) é chun cúnamh a thabhairt dó an chathair, a deirtear atá ar a cosa deiridh mar gheall ar éagóracha, a thabhairt ar ais ar a seanléim arís.

Tagann athrú ar chúrsaí áfach nuair a iarrann Hostetler ar Taggart súil a choinneáil ar a bhean chéile mar gheall go gcreideann sé go bhfuil sí ag dul in éineacht le fear eile. Ní fada go bhfaigheann Taggart amach go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an scéal seo agus go bhfuil scannal uafásach ag dul ar aghaidh.

Déanann Hostetler – an fear is cumhachtaí sa chathair – iarracht dallamullóg a chur ar Taggart agus feall a dhéanamh air. Mar thoradh air sin, teastaíonn ó Taggart díoltas a fháil agus bíonn sé tiomanta do cheartas, chun é féin a shlánú.

Tá roinnt mhaith léirmheasanna leite agam faoin scannán seo agus tá a lán tuairimí éagsúla ag daoine faoi is cosúil. Táim fós ag iarraidh féachaint air áfach mar taitníonn Mark Wahlberg agus go háirithe Russell Crowe go mór liom agus táim ag súil go mbeidh siad ag barr a maitheasa sa scannán seo. Chonaic roinnt de mo chairde cheana féin é agus dúirt siad nach raibh caill ar bith air.

Dim lights

Tuilleadh...

Leathanach 1 as 11

Suirbhé

An raibh ort déileáil le bulaíocht ag aon am ag an obair/ar scoil?




Torthaí

Twitter