
Táimid millte le coicís anuas le saoire na Cásca agus an dea-aimsir. Na páistí sa mbaile, na málaí caite sna cúinní agus dearmad déanta ar an obair bhaile. Níl a fhios agam cathain a bhí dhá Shaoire Cásca againn díreach i ndiaidh a chéile. Bhí sé iontach, bhí sé mar bhriseadh náisiúnta don tír, bhí sé tuillte againn.
Thall sa Spáinn tá rud faoi leith acu agus sé sin El Puente, ciallaíonn sé sin go bhfuil an lá breise acu nuair atá Lá Saoire Bainc ann. Abair, má tá an Déardaoin mar shaoire acu, bhuel tógann siad an Aoine mar lá saoire chomh maith.
Ar aon nós nílim ag gearán, bhí an dá lá saoire iontach. Tá mé lánchinnte go raibh tuismitheoirí na tíre i mbun tóraíocht taisce timpeall na dtithe Dé Máirt seo caite agus iad ag cuartú na mboscaí lóin. Cuid acu gan dabht a bhí ag oscailt na mboscaí lóin agus iad lán de cheapairí agus de thorthaí a bhí fágtha ann. Ó a dhiabhail an boladh bréan!!
Agus an locht ar fad ar Mhamaí agus ar Dhaidí a d’fhág iad i mbúit an chairr nó faoin staighre. Is cuimhin liom an lón a bhíodh agam ar scoil agus mé i mo ghasúr: ceapaire aráin bháin an chuid is mó den am, ceapairí le harán bán le Sandwich Spread, ceapairí le harán bán le mairteoil shaillte. Ní raibh aon croissant, ná cáis, ná sailéad an t-am sin… an ceapaire ba thapúla, an ceapaire b’éasca díobh ar fad... subh dhearg!
Ní raibh aon Actimels ann, ná Rice Krispie Bars, ná ciabbata lán de cháis agus salámaí, ná deochanna fuinnimh, ná Innocent Smoothies ach an oiread. Bhí buidéal beag Cola nó Cadet againn gach Aoine, buidéal beag plaisteach mar treat againn. Ba chóir dúinn ar fad dul ar ais go dtí an lón bunúsach, an lón ceart, lón a itheadh gach lá. Lón nach raibh fágtha sa mbosca.
Bhí an bricfeasta agat gach maidin, bricfeasta ceart, ní raibh aon rogha ann de ghránaigh ach an oiread, bhí Ready Brek, Rice Krispies nó leite ann agus b’shin é. Bricfeasta ite ag an mbord gach maidin, agus ansin amach ag an scoil ag siúl nó ar an rothar. An bhfuil tuismitheoirí na tíre seo níos boige na laethanta seo?
An bhfuil páistí na tíre seo níos láidre ó thaobh na rogha de? An nglacann siad le ‘No, Níl cead’? Níl a fhios agam — tá mise ins an mbád céanna, uaireanta bíonn an bua ag na páistí. Bíonn siadsan i gceannas ó am go ham. Ach an tseachtain seo chugainn táim chun an mhairteoil shaillte a chur ar ais i mo theach, don lón agus don dinnéar!








