Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Máirt 21 Bealtaine 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Litreacha An tAire Carey dóchasach

An tAire Carey dóchasach

A Eagarthóir — Thug mé na ceannlínte seo faoi ndeara ar Foinse, 17ú Samhain, ach tá Aire na Gaeltachta, Pat Carey dóchasach go dtiocfaidh fás ollmhór ar Ghaeilge labhartha sa tír seo agus nach gcuirfidh Cúlú Eacnamaíochta isteach ná amach air.

Tá aicme dhíograiseach ag obair ar son na teanga gan stad thar na blianta, gan aon mhaoiniú ag teacht chucu agus níl siad á iarraidh ón Aire ach oiread. Tá aithne agam ar stiúrthóirí na ngrúpaí éagsúla timpeall na tíre agus is iontach an iarracht a chuireann siad isteach maidir le caomhnú na gCúpla focal, as a stuaim féin atáid ag obair agus molaim iad go hard.

Tá grá domhain acu don Ghaeilge agus baineann siad taitneamh as teacht le chéile chun taithí a choimeád beo ar úsáid na teanga. Tá "Gaeilgeoirí Cois Laoi" luaite san aicme sin agus is iontach an spiorad atá i measc an Chiorcail seo a bhailíonn san Óstán Clarion, Corcaigh gach Luan le caidreamh, ceol agus cairdeas bheomar eatarthu, baineann siad taitneamh gan chomparáid as an tseanchaíocht agus bíonn an-spórt acu ag plé cúrsaí. Chuir siad Cártaí Nollag na Gaeilge i gcló, atá gleoite, ag taispeáint pictiúr de Chathair Chorcaí agus beidh siad á ndíol i siopaí áirithe mar shampla Ó Mathúna, Droichead Pharlaiminte.

Mise le meas

Eilís Uí Bhriain

Co. Chorcaí

Suirbhé

An raibh ort déileáil le bulaíocht ag aon am ag an obair/ar scoil?




Torthaí

Twitter