Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Luain 20 Bealtaine 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Tuairimí Díospóireacht

Díospóireacht

Táimid imithe thar fóir le ceartaiseacht pholaitiúil

Ríomhphost Priontáil PDF
I bhfabhar  Táimid inár gcónaí i sochaí ilchineálach anseo in Éirinn, lán le daoine ó gach cúinne den domhan, lán le chuile shaghas duine, lán le tuairimí agus creidimh láidre. Ar ndóigh, nochtann na daoine seo a gcuid nósanna cultúrtha agus sóisialta chomh maith lena dtraidisiúin éagsúla. Is ceart dóibh na gnéithe seo a léiriú; níl fadhb ar bith ansin. Ní chaithfidh siad cloí le haon rialacha sóisialta. Céard í an fhadhb mar sin? An tuairim seo nach féidir le héinne rud ar bith a rá, ar fhaitíos go mbeadh duine nó beirt maslaithe ar bhealach éigin. Thosaigh coincheap na ceartsaiseachta polaitiúla
Tuilleadh...

Is ar an uachtarán nua a bhraithfidh rath na tíre seo

Ríomhphost Priontáil PDF
I bhfabhar Dár ndóigh, beidh muid ag brath ar an uachtarán nua chun na fadhbanna a réiteach sa tír seo. Mar i ndáiríre, cé eile ar féidir linn brath? Cloistear daoine ag rá nach bhfuil aon chumhacht ag an uachtarán agus nach féidir leis mórán a dhéanamh ó thaobh rath na tíre seo. Ach cá raibh sibhse le haghaidh an 14 bliain deireanach nuair a bhí Máire Mhic Giolla Íosa ina huachtarán? Féach ar an méid a rinne sí ó thaobh na síochána de agus chun droichid a thógáil idir tuaisceart agus deisceart na tíre seo. Toisc go bhfuil an méid sin
Tuilleadh...

Is mithid dúinn amhrán náisiúnta nua a roghnú

Ríomhphost Priontáil PDF
I bhfabhar  Ar an drochuair, táimid inár gcónaí i dtír dheighilte. Scartha le stair, le creideamh agus le teorainn gheografach shamhailteach. Tá sé dochreidte gur ceann de na tíortha is lú sa domhan í Éire ach fós féin, tá difríochtaí ollmhóra i measc mhuintir na tíre. Tá na héagsúlachtaí seo le feiceáil roimh chluichí náisiúnta i ngach aon spórt seachas sacar. Tógaimis an fhoireann rugbaí mar shampla. Ní chanann leath den fhoireann Amhrán na bhFiann (an t-amhrán náisiúnta), ní chanann daoine eile Ireland’s Call (an t-amhrán náisiúnta neamhoifigiúil) agus ní chanann daoine áirithe ar chor ar bith. I mo thuairimse, bíonn
Tuilleadh...

‘Ceart chun príobháideachta. An bhfuil a leithéid ann a thuilleadh?’

Ríomhphost Priontáil PDF
I bhfábhar   Cé acu a bhfuil an ceart a saol a choimeád príobháideach? An bhfuil cead ag gach éinne nó an bhfuil daoine áirithe ann atá i lár an aonaigh agus atá ag tarraingt airde orthu féin? Le suíomhanna ar nós Twitter, Facebook  agus a leithéid ní haon ionadh é go bhfuil fás agus forbairt tagtha ar an easpa príobháideachta atá ag daoine ina saol. Is scannalach an ní é go bhfuil comhlachtaí ar nós News of the World ag briseadh isteach i dteachtaireachtaí fóin daoine ‘cailiúl’ chun mioneolas a fháil ar a saol. Lena hais sin, an ag teacht salach ar phríobháideachas
Tuilleadh...

Ba cheart do pháirtí Fhianna Fáil iarrthóir a ainmniú don toghchán uachtaránachta.

Ríomhphost Priontáil PDF
I bhfábhar Deireadh seachtaine den chéad scoth a bhí ann ar son mhuintir na hÉireann. Bhuaigh Éire in aghaidh na hAstráile sa rugbaí. Bród as Éirinn le brath ar fud an domhain. An bród Éireannach,  an bhuachaint, an mórtas tíre.  Is beag nár thit an t-anam asam ansin nuair a d'fhógair Fianna Fáil nach mbeadh iarrthóir dá chuid ag rith sa toghchán uachtaránachta. An toghchán is tábhachtaí i mbliana. Tá Fianna Fáil ag tréigean mhuintir na hÉireann. Cá bhfuil an bród?   Theip ar Fhianna Fáil. Tá sé de dhualgas ar lucht Fhianna Fáil iarrthóir a ainmniú.  Tá an páirtí ag iarraidh íomhá
Tuilleadh...

Leathanach 4 as 7

Suirbhé

An raibh ort déileáil le bulaíocht ag aon am ag an obair/ar scoil?




Torthaí

Twitter